Seachtain na Gaeilge


‘Cupán Tae’ sa Droim do Sheachtain na Gaeilge

Tá Ionad Pobail an Droma ag tabhairt cuireadh duit ‘cupán tae’ a bheith agat leo chun ‘Seachtain na Gaeilge’ a cheiliúradh ar an Domhnach, 13 Márta 2011 óna 10.30am go 1pm. Beidh taispeántas den saothar ealaíne ag na bpáistí ó Naíonra Réalta Geala, an t-aon réamhscoil lán-Ghaeilge amháin i gContae Ros Comáin, atá lonnaithe san ionad pobail.

Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ar fud na tíre go dtí Lá Fhéile Pádraig. An chuspóir atá leis an bhféile ná úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa saol laethúil. Tá imeachtaí náisiúnta agus áitiúla á n-eagrú ar fud na tíre agus tá sé ar intinn ag Ionad Pobail an Droma a chionn féin a dhéanamh chun ár dteanga dhúchais a chur chun cinn. Chuige sin, beidh maidin caife ar siúl ar an Domhnach, 13 Márta. Is cuma an bhfuil tú líofa sa teanga nó nach bhfuil, tugtar cuireadh duit teacht agus cúpla focal a labhairt, píosa spraoi a bheith agat agus taitneamh a bhaint as cupán tae nó caife.

Tá an t-ionad pobail suite sa Chrannach, nach bhfuil ach dhá mhíle taobh thiar de lár Bhaile Átha Luain i ndeisceart Ros Comáin, baile fearainn a bhí ar cheann de sheacht gceantar Ghaeltachta i gContae Ros Comáin de réir Acht na dTithe (Gaeltacht) 1929.

Naisceanna Gaeilge